TUILLEADH EOLAIS

Tugann Imirce rochtain ar na mílte litir, cuimhne cinn agus cáipéis eile a chum agus a sheol eisimircigh Éireannacha go Meiriceá Thuaidh ón seachtú haois déag go dtí lár an fichiú haois. Ní bheadh ann don acmhainn seo murach bronnadh gnaíúil an staraí Kerby A. Miller, Ollamh Coimeádaithe le Stair in Ollscoil Missouri (Emeritus), ar Ollscoil na Gaillimhe áit a bhfuil ollúnacht oinigh aige sa Stair. I gcás scoláirí stair na hÉireann agus Mheiriceá Thuaidh, is nasc láidir í Imirce, in imeacht na mblianta, le glúnta na n-eisimirceach, agus is deis é do shliocht na n-eisimirceach sin ceangal a dhéanamh arís, trasna an Atlantaigh, leis an mbaile a d’fhág siad ina ndiaidh.

Tá dhá chuid ar leith ag Imirce. Sa chéad chuid, ó 7 Márta 2024 go deireadh na bliana sin, tá Bailiúchán Kerby A. Miller á chur ar line de réir a chéile. Agus sa darna cuid, tá foireann Imirce ag bailiú tuilleadh litreacha agus cuimhní cinn a chum Éireannaigh i Méiriceá Thuaidh, ag trascríobh an ábhair seo agus á chur leis an mbunachar. Tá an-shuim ag an fhoireann in ábhar úr as Gaeilge agus in ábhar, i nGaeilge ná i mBéarla, a chum daoine de bhunadh na Gaeltachta.

  

CÚLRA

Ó thús na 1970í, agus é ag déanamh taighde ar a shaothar mór le rá Emigrants and Exiles: Ireland and the Irish Exodus to North America (Oxford, 1985), rinne Miller tras-scríobh ar scríbhinní na n-eisimirceach ó Éirinn go Meiriceá Thuaidh a bhí ar fáil i leabharlanna agus i gcartlanna. Chun cur leis an stór sin, chuir sé fógraí i nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha na hÉireann ag iarraidh ar dhaoine comhfhreagras luachmhar a chur chuige. Rinne sé féin agus cúntóirí taighde iad sin a chóipeáil, a thras-scríobh agus a sheoladh ar ais. Tar éis fhoilsiú Emigrants and Exiles, lean Miller ag bailiú ábhar den sórt sin. Is é an toradh atá air ná bailiúchán mór tras-scríbhinní de scríbhinní ceardaithe, go háirithe fíodóirí agus sníomhadóirí, mianadóirí, cailíní/buachaillí aimsire, feirmeoirí, agus oibrithe canála, iarnróid, muilinn agus tógála; baineann an t-ábhar leis an tréimhse ó dheireadh an seachtú haois déag go dtí lár an fichiú haois.

San áireamh sa bhailiúchán tá tras-scríbhinní de chomhfhreagras a bhailigh an staraí Arnold Schrier sna 1950í-60í agus é ag obair ar Ireland and the American Migration, 1850–1900 (Minneapolis, 1958); agus an staraí E. R. R. (Rodney) Green, stiúrthóir Institiúid an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; roinn Schrier agus Green araon a gcuid ábhair le Miller ina dhiaidh sin. Tá ábhar taighde a chuir Kerby A. Miller le chéile agus é ag obair ar an mbailiúchán le fáil in Ollscoil na Gaillimhe chomh maith. Is féidir na hábhair seo go léir a fheiceáil i Leabharlann na hOllscoile.

Lena chois sin, chuir Miller agus Schrier, i gcomhpháirt leis na scoláirí Bruce D. Boling agus David Noel Doyle, cnuasach litreacha agus cáipéisí eile scríofa ag imircigh a d’fhág Éire idir 1660 agus 1815 in eagar sa bhliain 2003. Foilsíodh an saothar sin faoin teideal Irish Immigrants in the Land of Canaan (Oxford, 2003). Tá cuid den ábhar seo ar fáil mar chuid de Bhailiúchán Miller i Leabharlann Uí Argadáin chomh maith, agus tá an chuid eile de i Leabharlann Bobst in Ollscoil Nua-Eabhrac.

 

AN FHOIREANN

Ceannaireacht Tionscadail
  • Daniel Carey, Scoil an Bhéarla, na Meán agus na nEalaíon Cruthaitheach

  • Cillian Joy, Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe

  • Breandán Mac Suibhne, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Foireann Forbartha Bailiúchán agus Bunachar Sonraí
  • Kieran Hoare, Cartlannaí

  • David Kelly, Bainisteoir na nDaonnachtaí Digiteacha

  • Marie-Louise Rouget, Cartlannaí Digiteach

Tacaíocht Taighde
  • Liam Alex Heffron, Taighdeoir Iardhochtúireachta (Fómhar 2023)

Comhairleoirí Tionscadail
Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe
  • Catriona Cannon, Ceannasaí na mBailiúchán Oidhreachta agus an Digitithe

  • Aisling Keane, Cartlannaí Digiteach

  • Eileen Kennedy, Forbróir Eispéireas Digiteach na Leabharlainne

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh
  • Marie-Louise Coolahan, Scoil an Bhéarla, na Meán agus na nEalaíon Cruthaitheach

  • Enrico dal Lago, Scoil na Staire agus na Fealsúnachta

  • Kerby A. Miller, Scoil na Staire agus na Fealsúnachta (Oinigh)

  • Séamus Ó Briain, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

COMHOIBRITHEOIRÍ AGUS TRAS-SCRÍOBHAITHE

Bhí cúnamh an-luachmhar ag Kerby A. Miller ó Bruce D. Boling nach maireann agus David Noel Doyle, nach maireann, in Ollscoil Mheicsiceo Nua agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, faoi seach, maidir le haimsiú, tras-scríobh, agus (i gcás na gcáipéisí Gaeilge) aistriú litreacha, cuimhní cinn agus cáipéisí eile na n-eisimirceach. Chomh maith leis sin, fuair Miller agus Arnold Schrier cabhair ó chúntóirí taighde, a rinne tras-scríobh ar ábhair atá ar fáil anois ar Imirce. Áiríodh le cúntóirí taighde Miller Diana Ahmad, Beth Ruffin MacIntyre, Randy McBee, Rod McHugh agus Rebecca Swaters. Fuair Schrier cúnamh ó Cynthia Chermly, Laura Dauer agus Tillian Spitz.

POLASAITHE

SÉANADH MAIDIR LEIS AN ÁBHAR

Mar is iondúil le hábhar ón tréimhse seo, tá dearcthaí claonta nó teanga chlaonta nach léiriú iad ar dhearcthaí ná ar an seasamh atá ag Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair i gcuid bheag de na hábhair i mbailiúchán digiteach Imirce. Níor baineadh iad seo as an mbailiúchán agus ní dhearnadh cinsireacht orthu. Is fianaise as an stair iad ar thuairimí claonta agus ar réamhchlaontaí na ndaoine atá i gceist agus is léiriú cruinn iad ar shaol na linne sin. Moltar d’úsáideoirí a mbreithiúnas féin a dhéanamh agus iad ag dul trí ábhar an bhailiúcháin dhigitigh.

POLASAÍ DÍFHOILSITHE

Cuirtear ábhair Imirce ar fáil mar acmhainní oscailte oideachais. Tá gach iarracht réasúnta déanta a chinntiú go bhfuil na hacmhainní a fhoilsítear ar Imirce ar ardchaighdeán, barántúil agus gur ábhair foghlama iad a luaitear i gceart agus atá ag teacht le Cód Iompair Ollscoil na Gaillimhe. Chun faisnéis mhionsonraithe a fháil agus fios a bheith agat conas ábhar imní a thuairisciú a bhaineann le sárú cóipchirt, ceadanna nó príobháideachais, féach ar Pholasaí Dífhoilsithe na mBailiúchán Digiteach.

POLASAÍ ÚSÁIDEORA

Tá na sócmhainní íomhá agus na meiteashonraí tuairisciúla in Imirce faoi réir pholasaí úsáideora Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe a leagann amach na coinníollacha dá n-úsáid agus dá lua cuí. Chun faisnéis mhionsonraithe a fháil, féach Polasaí Úsáideora na mBailiúchán Digiteach.