CUR LEIS AN TIONSCADAL IMIRCE

Bunábhar Imirce is ea bailiúchán an staraí Kerby A. Miller d'ábhar a bhaineann leis an eisimirce as Éirinn, ar bailiúchán é atá á thiomsú aige ó na 1970í. San áireamh le Bailiúchán Miller chomh maith tá litreacha ó eisimircigh a bhailigh Arnold Schrier sna 1950í. Tá foireann Imirce tiomanta leanúint leis an obair atá déanta acu trí litreacha agus cuimhní cinn eisimircigh na hÉireann a thras-scríobh le go gcuirfí leis an mbunachar sonraí iad.

  Líon an fhoirm ar líne dá mba mhaith leat ábhar a bhronnadh ar bhailiúchán digiteach Imirce.  

 

AN CINEÁL ÁBHAIR ATÁ UAINN

Na cineálacha ábhair seo a leanas atá i gceist le bailiúchán Imirce:

  • Litreacha arna scríobh ag eisimircigh na hÉireann agus/nó ag a sliocht
    • Sainmhíniú: Is ionann litir agus cumarsáid scríofa, go háirithe ceann a seoladh le cúiréir nó tríd an bpostas; comhfhreagras.
  • Cuimhní cinn arna scríobh ag eisimircigh na hÉireann agus/nó a muintir a tháinig ina ndiaidh
    • Sainmhíniú: Cuntas scríofa ar eispéireas saoil an duine féin ina léirítear a bhfaca siad go pearsanta, an taithí saoil a bhí acu agus na cuimhní a bhí ar an ré inar mhair siad.

Réimsí spéise faoi leith is ea a) ábhair a scríobhadh i nGaeilge i Meiriceá Thuaidh agus b) ábhair a scríobh eisimircigh ó cheantair inar labhraíodh an Ghaeilge i dteanga ar bith.

TREOIRLÍNTE

Sa chás gur mhaith leat ábhar a bhronnadh ar bhailiúchán digiteach Imirce, tabhair faoi deara na pointí seo a leanas:

  • Tuigeann foireann Imirce go bhféadfadh luach faoi leith a bheith ag comhfhreagras teaghlaigh agus cuimhní cinn don phobal. Fáiltímid roimh lámhscríbhinní bunaidh agus/nó cóipeanna digiteacha a bhronntar orainn.

  • Is féidir le foireann Imirce tuilleadh tacaíochta a thairiscint sa chás gur mian le bronntóirí cóip dhigiteach den lámhscríbhinn bhunaidh a bhronnadh. D'fhéadfadh scanadh digiteach an ábhair a bheith i gceist le cóip dhigiteach, nó tras-scríbhinn chlóscríofa den téacs iomlán.

  • Is í modheolaíocht Imirce na hábhair thábhachtacha seo a chur ar fáil ar líne don phobal agus do thaighdeoirí acadúla leis an líon is lú sriantaí agus is féidir. Tá sé tábhachtach, ar an ábhar sin, gurb í úinéir na gceart/an chóipchirt, nó neasghaol, a bhronnfadh na hábhair. Déanfaimid foinse aon ábhair a phlé le bronntóirí féideartha.

  • Tá meas ag Ollscoil na Gaillimhe ar do cheart chun príobháideachais agus ar chearta údair aon litir agus /nó cuimhní cinn a bhfuiltear ag breithniú iad a bhronnadh. Déanfaidh foireann Imirce plé le bronntóirí maidir le haon tagairt do dhaoine, bídís beo nó marbh, nó ábhar íogair chun a chinntiú go gcaithfear leis go cuí de réir phrótacail na hOllscoile maidir le Cosaint Sonraí.

  • D'fhéadfadh litreacha nó cuimhní cinn a scríobhadh le 100 bliain anuas gan bheith incháilithe d'fhoilsiú láithreach i mbailiúchán digiteach Imirce ar chúiseanna a bhaineann le príobháideachas nó le cearta. D'fhéadfadh comhfhreagras trí ríomhphost ina bpléitear nithe a bhaineann le heisimirce chuig Meiriceá Thuaidh a bheith i gceist le litreacha chomh maith. Molaimid don phobal ina leithéid de chás an fhoirm fiosrúcháin a sheoladh isteach le go ndéanfar breithniú agus plé air.

 AN CHAOI A BHEITH PÁIRTEACH

Úsáid an fhoirm ar líne seo chun na sonraí seo a leanas a sheoladh isteach chuig Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe chun tús a chur leis an gcomhrá faoi na hábhair a bhfuil sé ar intinn agat iad a bhronnadh.

  • Dáta an iarratais

  • Ainm teagmhálaí

  • Seoladh ríomhphoist teagmhálaí agus/nó uimhir theileafóin

  • Cineál Ábhair (Litir/litreacha agus/nó cuimhní cinn)

  • Raon dáta an ábhair (e.g. 1870-1905)

  • Formáid an ábhair (ábhar bunaidh nó cóip d'ábhar bunaidh)

  • Méid an ábhair (líon iomlán leathanach)

  • Úda(i)r an ábhair

  • Cur síos gairid ar na hábhair, agus eolas faoin gcaoi ar tháinig an t-úinéir orthu

A luaithe is a fhaightear an fhoirm líonta, déanfaidh foireann Imirce an t-ábhar a bhreithniú, agus tabharfaidh siad freagra ort a luaithe is a bheidh na hacmhainní acu déanamh amhlaidh. Go raibh maith agat as do chuid spéise sa bhailiúchán seo.

Maidir le Bailiúcháin Oidhreachta Ollscoil na Gaillimhe

Is mór an onóir do Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe a bheith ina caomhnóir ar shraith shaibhir Bailiúchán Oidhreachta, idir Bhailiúcháin Chartlainne, Chlóite agus Dhigiteacha. Is iad príomhréimsí na mbailiúchán cartlainne litríocht, amharclannaíocht, scannánaíocht agus na taibhealaíona, chomh maith le bailiúcháin stairiúla agus pholaitíochta, agus ábhar suntasach Gaeilge agus réigiúnach san áireamh iontu ar fad. Déanann ár bhfoireann a chinntiú go gcaomhnófar bailiúcháin oidhreachta agus go mbeidh siad inaimsithe agus inrochtana chun críche taighde, foghlama agus malairt faisnéise go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Croí na seirbhíse is ea Seomra Léitheoireachta na gCartlann agus na mBailiúchán Speisialta agus is é an príomhphointe rochtana é dár mbailiúcháin fhisiciúla. Faigh tuilleadh eolais faoi ghnéithe éagsúla na seirbhíse anseo.